Local recruitment: Ceannasaí Teicniúil Straitéise Sócmhainní /Asset Strategy Technical Lead -Policy and Legislative reform

Irish Water

Ireland 🇮🇪

Job Info

  • Job Identification: 2222
  • Job Category: Engineering
  • Posting Date: 04/30/2026, 01:05 AM
  • Locations: Ireland
  • Apply Before: 05/22/2026, 12:55 AM
  • Job Schedule: Full time
  • Vacancy Type: Permanent Vacancy
  • Grade and Salary: D(€62,259-€93,388)*

Job Description

Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.

Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.

Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.

Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, is cinnte gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.

An Ról: 
 

Tá an réimse Bainistíochta Sócmhainní agus Inbhuanaitheachta freagrach as beartais sócmhainní, straitéisí agus pleananna a fhorbairt chun an infheistíocht shuntasach atá ag teastáil a dheimhniú le cur le bonneagar na hÉireann. Tugann an réimse spreagadh don infheistíocht agus do chlár na hInbhuanaitheachta agus na Nuálaíochta don eagraíocht agus glacann sé ceannaireacht ar ghníomhaíochtaí um Rialú Timpeallachta agus Comhlíontachta, a chinntíonn go ndéantar monatóireacht leanúnach ar cháilíocht an uisce agus ar an bhfuíolluisce. Tá an fheidhm Bainistíochta Sócmhainní freagrach as pleanáil straitéiseach, bearta tosaíochta agus forbairt a dhéanamh ar phíblíne Oibreacha Caipitil Uisce Éireann. Tá ról lárnach ag an bhfeidhm i gcomhoibriú agus comheagar gníomhaíochtaí a chur chun cinn ar fud na trí fheidhm sócmhainne mar aon le measúnuithe timpeallachta agus saineolas bainistíochta a sholáthar ar fud Uisce Éireann.

Is í freagracht na Foirne Straitéise Sócmhainní pleananna straitéiseacha a fhorbairt do na sócmhainní uisce, fuíolluisce agus nádúrtha go léir agus údarú an bhoinn sócmhainní a chinntiú. Clúdaítear i raon feidhme fhreagracht na foirne 5 phríomhréimse: straitéis chomhshaoil, straitéis sócmhainní uisce, straitéis sócmhainní fuíolluisce, pleanáil chun cinn agus straitéis phleanála.

Agus é nó í freagrach don Bhainisteoir Athchóirithe Beartas agus Reachtaíochta, tá an Ceannasaí Teicniúil Straitéise Sócmhainní freagrach as comhordú na ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an athchóiriú riachtanach ar reachtaíocht thánaisteach, beartais agus treoirlínte a mbíonn tionchar acu ar chumas Uisce Éireann ár mbonn sócmhainní a bhunathrú, freagrach as an athchóiriú sin a shainaithint, as teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara ina leith, agus as an obair sin a chur i gcrích go rathúil. Beidh sé/sí cuntasach as bainistíocht sócmhainní a thacú.

Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:


Tacaíocht a thabhairt don Bainisteoir Athchóirithe Beartas agus Reachtaíochta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí a bhaineann le reachtaíocht, beartais agus treoirlínte a shainaithint sa chás go mbíonn tionchar acu ar chumas Uisce Éireann a bhonn sócmhainní a bhunathrú.

  • Oibriú go comhoibríoch le foirne inmheánacha agus páirtithe leasmhara seachtracha chun a chinntiú go bhfuil an clár ag teacht le cuspóirí fadtéarmacha seirbhísí uisce agus go dtacaíonn sé leis na cuspóirí sin.
  • Cultúr athraithe agus feabhsaithe leanúnaigh a chur chun cinn mar chumasóir bunriachtanach an bhunathraithe go fóntas ardfheidhmíochta, agus soláthar barr feabhais seirbhíse a éascú ar fud na feidhme bainistíochta sócmhainní. Oibleagáidí reachtúla amach anseo a mheasúnú i ndáil leis an Treoir um Chóireáil Fuíolluisce Uirbigh (athmhúnlaithe), leis an gCreat-treoir Uisce agus le reachtaíocht agus beartais rialtais ábhartha eile. Tuarascálacha agus léargas a chur ar fáil tríd an bhfaisnéis ábhartha a shainscagadh go tráthúil
  • Anailís a dhéanamh ar thacair sonraí maidir leis an timpeallacht agus cáilíocht uisce chun fadhbanna nó rioscaí ábhartha a shainaithint agus a uasligean.
  • Beartais nua inmheánacha a fhorbairt, de réir mar is gá, chun a chinntiú go mbíonn obair cothrom le dáta agus ag teacht le reachtaíocht um an gcomhshaol.
  • Cur le cuspóirí agus spriocanna na foirne a shocrú
  • Acmhainní inmheánacha agus seachtracha a bhainistiú.
  • Dualgais eile a chur i gcrích maidir le bainistíocht oibre agus sócmhainne mar a bhíonn siad ag teastáil ó Uisce Éireann. 

Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta 

  • Obair a dhéanamh i gcomhar le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ. Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a chur i gcrích ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompair dhearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a chur i gcrích.
  • Tacú le Clár Uisce Éireann um Bunathrú a chur i gcrích, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a spreagadh, agus tacaíocht a thabhairt do chuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach
  • Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith.
  • Dualgais eile de réir mar is gá

Eolas, Scileanna agus Taithí:

  • Tá cáilíocht ábhartha tríú leibhéal agus/nó creidiúnú inmhianaithe, agus/nó taithí ábhartha (amhail eolaíocht an chomhshaoil, innealtóireacht timpeallachta, innealtóireacht shibhialta)
  • Tá taithí 5 bliana ar a laghad sa tionscal uisce, i dtionscal an chomhshaoil nó i dtionscail chomhchosúla inmhianaithe.
  • Taithí ar bhainistíocht tionscadal agus ar thionscadail uisce agus fuíolluisce a chur i gcrích.
  • An cumas comhpháirtíochtaí éifeachtacha a chothú le raon leathan páirtithe leasmhara. 
  • B’fhearr linn dá mbeadh eolas ag an iarrthóir ar reachtaíocht Náisiúnta agus Eorpach maidir leis an gcomhshaol, uisce agus fuíolluisce, agus dá mbeadh taithí chruthaithe aige/aici ar bhainistiú daoine chomh maith le scileanna láidre idirphearsanta, bainistithe athruithe agus réitigh aighnis.
  • Fianaise de dhea-theist ar thimpeallacht chomhoibríoch a chruthú agus cumarsáid soiléir a dhéanamh leis an bhfoireann
  • Dea-theist maidir le déileáil le ceisteanna casta, go réamhghníomhach agus go pras, chomh maith leis an gcumas faisnéis chasta a chur in iúl do dhaoine eile
  • Bheith taithíoch ar phróisis ceann go ceann a bhainistiú le cinntiú go bhfaigheann custaiméirí an tseirbhís a mbíonn siad ag súil léi. 
  • Scileanna anailíse láidre agus cumas anailís a dhéanamh ar fhadhbanna agus ar ghnéithe feabhais féideartha agus iad a shainaithint, mar aon le réitigh a mholadh agus a chur i bhfeidhm
  • An cumas déileáil le dálaí éagsúla agus an cumas béim agus treo a athrú le bheith ag teacht le straitéis agus le riachtanais ghnó a léiriú
  • Réimsí nua feabhais a shainaithint go réamhghníomhach agus faisnéis agus scileanna nuafhoghlamtha a úsáid i mbun oibre
  • Scileanna a bheith ag an té maidir le hathbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar chleachtais shábháilteachta agus feabhsuithe a mholadh

Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo ná 21/05/2026

Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.

*Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat. Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.

Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.

Táimid tiomanta d’ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.

We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland’s national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.

Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland’s social and economic growth.

We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.

Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland’s water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.

The Role: 

The Asset Management and Sustainability area is responsible for the development of asset policies, strategies and plans to determine the significant investment required into Ireland’s infrastructure. The area drives investment and the Sustainability and Innovation agenda for the organisation and leads on Environmental Regulation and Compliance activities, ensuring the quality of water and wastewater is continuously monitored. The Asset Management function is responsible for strategic planning, prioritisation, and development of Uisce Éireann’s Capital Works pipeline. The function plays a key role in promoting collaboration and co-ordination of activities across the three asset functions as well as providing environmental assessment and management expertise across Uisce Éireann

The Asset Strategy Team responsibility is to develop strategic plans for all water, wastewater and natural assets and to ensure the authorisation of the asset base. The scope of the team’s responsibility covers 5 main areas: environmental strategy, water asset strategy, wastewater asset strategy, forward planning and planning strategy.

Reporting to the Policy and Legislative Reform Manager , the Asset Strategy Technical Lead is responsible for the coordination of activities relating to the identification, stakeholder interface,  successful delivery required reform to secondary legislation, policy and guidelines that impact Uisce Eireanns ability to transform our asset base. They will be accountable for supporting asset management.

Main Duties and Responsibilities:

  • Support the Policy and Legislative Reform Manager  in the coordination of activities relating to the identification of legislation, policy and guidelines that impact Uisce Eireanns ability to transform our asset base  
  • Work collaboratively across internal teams and with external stakeholders to ensure that the reform programme best reflects and support long‑term water services objectives.
  • Lead a culture of change and continuous improvement as a key enabler in transformation to a high performing utility, facilitating delivery of service excellence across the asset management function Assess future statutory obligations in relation to recast Urban Wastewater Treatment Directive, Water Framework Directive and other relevant legislation and government policy. Provide reports and insights by collating and clearly presenting the relevant information in a timely manner
  • Conduct analysis of envronemtal and water quality datasets to identify and escalate relevant issues or risks
  • Develop new internal policies, as required, to ensure work is up to date and in line with environmental legislation.
  • Contribute to setting the team objectives and targets
  • Managing internal and external resources.
  • Perform other such duties in relation to work and asset management as Uisce Éireann may reasonably require 

General Duties and Responsibilities 

  • Collaboration with key internal stakeholders across the UÉ business
  • Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards
  • Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives
  • Conducts duties and responsibilities in accordance with Uisce Éireann’s Information Security policies, standards, processes and controls to protect the confidentiality, integrity and availability of UÉ business information and delivery of critical services, in accordance with the NIS Directive and any other relevant cybersecurity regulation
  • Other duties as required

Knowledge, Skills and Experience:

  • Relevant third level qualification and or accreditation is desirable and or relevant experience (such as environmental science, environmental engineering, civil engineering)
  • A minimum of 5 years’ Experience in the water, environmental, or similar industries is desirable
  • Experience in project management and delivery of water and wastewater projects . 
  • Ability to develop effective partnerships with a wide range of stakeholders. 
  • Knowledge of National and European environmental, water and wastewater legislation preferred demonstrated people management experience, with strong people, change management and conflict resolution skills
  • Proven track record of creating a collaborative environment and communicate clearly within the team
  • Proven track record with dealing with complex issues, proactively and in a timely fashion along with the ability to communicate complex information to others
  • Experience in managing end-to-end processes to ensure delivery meets customer expectations 
  • Strong analytical skills and ability to identify and analyse problems and potential improvements, and propose and implement solutions
  • Demonstrate adaptability and the ability to change focus and direction in line with business strategy and requirements
  • Proactively identifying new areas of improvement and using newly gained knowledge and skill on the job
  • Skilled in continuously reviewing safety practices and suggest ways for improvement

The closing date for receipt of applications for this vacancy is 21/05/2026 

Please note that applications submitted after this closing date will not be accepted.

*Please be advised that if successful you will be placed on the salary range based on your skills and experience. Please note the Market reference point (midpoint) of the range is generally the upper end of the offer where someone is deemed to be fully competent to take on the duties of the role, and leaves room for the employee to progress through the pay range as their experience develops further.

Uisce Éireann is an equal opportunities employer.

We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.

8 days remaining

Apply by 21 May, 2026

POSITION TYPE

EXPERIENCE-LEVEL

DEGREE REQUIRED

IHE Delft - MSc in Water and Sustainable Development